<?xml version='1.0' encoding='utf-8'?>
<akomaNtoso xmlns="http://docs.oasis-open.org/legaldocml/ns/akn/3.0/CSD13" xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" xsi:schemaLocation="http://docs.oasis-open.org/legaldocml/ns/akn/3.0/CSD13 ./akomantoso30.xsd ">
<debate name="Official Report">
<meta>
<identification source="#source">
<FRBRWork>
<FRBRthis value="/akn/ie/debateRecord/dail/1955-12-14/debate/dbsect_29"/>
<FRBRuri value="/akn/ie/debateRecord/dail/1955-12-14/debate"/>
<FRBRdate date="1955-12-14" name="#generation"/>
<FRBRauthor href="/ie/oireachtas/house/dail/15"/>
<FRBRcountry value="ie"/>
<FRBRname value="debate"/></FRBRWork>
<FRBRExpression>
<FRBRthis value="/akn/ie/debateRecord/dail/1955-12-14/debate/mul@/dbsect_29"/>
<FRBRuri value="/akn/ie/debateRecord/dail/1955-12-14/debate/mul@"/>
<FRBRdate date="1955-12-14" name="#reported"/>
<FRBRauthor href="/ie/oireachtas/role/debates"/>
<FRBRlanguage language="mul"/>
</FRBRExpression>
<FRBRManifestation>
<FRBRthis value="/akn/ie/debateRecord/dail/1955-12-14/debate/mul@/dbsect_29.xml"/>
<FRBRuri value="/akn/ie/debateRecord/dail/1955-12-14/debate/mul@.akn"/>
<FRBRdate date="2016-06-05T19:47:04.931686" name="#publication"/>
<FRBRauthor href="/ie/oireachtas/role/debates"/>
</FRBRManifestation>
</identification>
<references source="#source">
<TLCOrganization eId="source" href="" showAs="Houses of the Oireachtas"/><TLCConcept eId="generation" href="/ie/oireachtas/ontology#Generation" showAs="Generation"/>
<TLCConcept eId="reported" href="/ie/oireachtas/ontology#Reported" showAs="Reported"/>
<TLCConcept eId="publication" href="/ie/oireachtas/ontology#Publication" showAs="Publication"/>
<TLCPerson eId="GeraldBartley" href="/ie/oireachtas/member/id/Gerald-Bartley.D.1932-03-09" showAs="Gerald Bartley"/>
<TLCPerson eId="JohnMcQuillan" href="/ie/oireachtas/member/id/John-McQuillan.D.1948-02-18" showAs="John McQuillan"/>
<TLCPerson eId="LiamCunningham" href="/ie/oireachtas/member/id/Liam-Cunningham.D.1951-06-13" showAs="Liam Cunningham"/>
<TLCPerson eId="RichardJamesMulcahy" href="/ie/oireachtas/member/id/Richard-James-Mulcahy.D.1919-01-21" showAs="Richard James Mulcahy"/>
<TLCRole eId="Minister_for_Education" href="/ie/oireachtas/role/minister/education" showAs="Minister for Education"/>
</references>
</meta>
<preface>
<block name="title_ga">
<docTitle>DÍOSPÓIREACHTAÍ PARLAIMINTE</docTitle>
</block>
<block name="title_en">
<docTitle>PARLIAMENTARY DEBATES</docTitle>
</block>
<block name="proponent_ga">
<docProponent>DÁIL ÉIREANN</docProponent>
</block>
<block name="status_ga">
<docStatus>TUAIRISC OIFIGIÚIL</docStatus>
</block>
<block name="status_en">
<docStatus>(OFFICIAL REPORT)</docStatus>
</block>
<block name="date_ga">
<docDate date="1955-12-14">Dé Céadaoin, 14 Nollaig 1955</docDate>
</block>
<block name="date_en">
<docDate date="1955-12-14">Wednesday, 14 December 1955</docDate>
</block>
</preface>
<debateBody><debateSection name="questions" eId="dbsect_29">
<heading>Ceisteanna—Questions.   Oral Answers. - Aireacht na Gaeltachta.</heading>
<summary eId="sum_2">D'fiafraigh</summary>
<speech by="#GeraldBartley" eId="spk_105">
<from>Gearóid Mac Pharthaláin</from>

den Aire Oideachais an abróidh sé maidir lena ráiteas i Seanad Éireann go mbunófar roinn nua stáit dá ngairmfear Aireacht na Gaeltachta, an dtabharfaidh sí faoina scáth an Ghaeltacht agus an Bhreac-Ghaeltacht; mura dtabharfaidh, an ainmneoidh sé na paráistí a ceaptar a bheith sa bhFíor-Ghaeltacht; agus cén uair a thiocfaidh an Aireacht ann.

</speech>
<speech by="#JohnMcQuillan" eId="spk_106">
<from>Mr. McQuillan</from>

asked the Minister for Education if he will state in regard to the proposed new Gaeltacht Ministry, when it will be established and whether its headquarters will be located in the West of Ireland; further, if he will make a statement on the scope of its functions.

</speech>
<speech by="#RichardJamesMulcahy" eId="spk_107" as="#Minister_for_Education">
<from>Risteárd Ua Maolchatha</from>

Tá beartaithe agam le cead an Chinn Chomhairle freagra a thabhairt ar an dá cheist 32 agus 33 i dteannta a chéile.

Is cúrsaí na rudaí a luaitear sna ceisteanna seo nach ealaí liom tagairt dóibh le h-aon intinn chruinn nó le h-aon éifeacht úsáideach go dtí go mbeidh an chomh-mhachtnamh, atá fé láthair á dhéanamh ag an Rialtas, críochnaithe. Ní dhéanfaidh an Rialtas aon mhoill ar an obair son.

</speech>
<speech by="#GeraldBartley" eId="spk_108">
<from>Gearóid Mac Pharthaláin</from>

Nach bhfuil fhios ag an Aire go raibh an  cheist seo ar chlár polasaí an Chó-Rialtais le bliain go leith?  Nach mór an fhaillí aige bliain go leith a ligint thart gan an cheist seo a shochrú agus nach féidir leis na paráistí fíor-Ghaeltachta a lua?

</speech>
<speech by="#RichardJamesMulcahy" eId="spk_109" as="#Minister_for_Education">
<from>Risteárd Ua Maolchatha</from>

Ní bhaineann an cheist seo le talamh le sléibhte nó le cnoic ach na daoine atá ag labhairt na Gaeilge do réir nádúra. Tá fhios ag an Teachta go bhfuil deacrachtaí le réiteach agus cé go bhfuil deithneas ar an Rialtas an obair seo a chríochnú, ní féidir sin a dhéanamh gan an cheist a phlé agus machnamh a dhéanamh air.  Nuair a bheidh sé sin déanta is féidir linn go léir caint a dhéanamh.

</speech>
<speech by="#GeraldBartley" eId="spk_110">
<from>Gearóid Mac Pharthaláin</from>

Nach bhfuil fhios ag chuile dhuine cad leis a mbaineann an cheist seo?  Ba mhaith liom tuilleadh eolais d'fháil i dtaobh an scéil, agus tagairt a dhéanamh ar ath-ló na Dála.

</speech>
<speech by="#RichardJamesMulcahy" eId="spk_111" as="#Minister_for_Education">
<from>Risteárd Ua Maolchatha</from>

Is déanach atá fonn cainte tagtha ar an Teachta i dtaobh na Gaeltachta.

</speech>
<speech by="#GeraldBartley" eId="spk_112">
<from>Gearóid Mac Pharthaláin</from>

Rinneamar beart thar na briathra.

</speech>
<speech by="#LiamCunningham" eId="spk_113">
<from>Liam Ó Cuinneagáin</from>

An nglacfaidh an Rialtas mar chaighdean don Fhíor-Ghaeltacht na limistéirí in a bhfuair páistí scoile deontas na £5?

</speech>
<speech by="#RichardJamesMulcahy" eId="spk_114" as="#Minister_for_Education">
<from>Risteárd Ua Maolchatha</from>

Do bheinn ag súil nuair a bheadh caint dá dhéanamh ar an abhar seo ná beadh cúrsaí politíochta á bplé

</speech>
<speech by="#LiamCunningham" eId="spk_115">
<from>Liam Ó Cuinneagáin</from>

Ní cúrsaí politíochta é sin.

</speech>
<speech by="#RichardJamesMulcahy" eId="spk_116" as="#Minister_for_Education">
<from>Risteárd Ó Maolchatha</from>

Tá dualgas ar an Rialtas machnamh a dhéanamh go cúramach ar an gceist seo.  Ní féidir ceisteanna a phlé gan easaontas a bheith ag teacht astu agus tá muid ag iarraidh ar ndícheall a dhéanamh na deacrachtaí atá sa cheist seo a réiteach.  Ní féidir liom féin ná le haon duine eile a bhaineann leis an Rialtas labhart faoin gceist go dtí go mbeidh an machnamh sin déanta againn air.

</speech>
<speech by="#GeraldBartley" eId="spk_117">
<from>Gearóid Mac Pharthaláin</from>

An féidir leis an Aire a rá cad tá an Coiste atá  curtha ar bun a dhéanamh?  An bhfuil sé i bhfeidhm?  Do réir mar a thuig mé ón Aire Rialtais Aitiúil ligeadh in éag é ó tháinig an Rialtas i gcumhacht.

</speech>
<speech by="#RichardJamesMulcahy" eId="spk_118" as="#Minister_for_Education">
<from>Risteárd Ua Maolchatha</from>

Go bhfóiridh Dia ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.  Ní féidir libh bheith foidhneach níos fuide.  Bí foidhne le fada agaibh.

</speech>
</debateSection>
</debateBody></debate>
</akomaNtoso>